School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 005
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Chomhnaigh na braithrí i mainistir in aice le Cill Bhuidhe Amhnach i bhfad ó shoin.

    Padraig O h-Éanacháín - Ceathrú an Tobair, Cilleoirín, Béal Atha na Sluagh - feilméar - leath-chéád bhliadain d'aois. Gaedhealgóír eifeachtach gan amhrais. Chaith sé suim bliadanta i Sasana. Bhiodh sé ag muineadh Gaedhilge i Sasana. Tá "teistiméaracht" aige ó ó Ghaedhealgóírí i Manchiun (?). On a athair a fuair sé a chuid Gaedhilge. Seo ceann acu:-

    Chomhnaigh na braithrí i mainistir in aice le Cill Bhuidhe Amhnach i bhfad o shoin. Ba gnathach leobhtha a mbróa a bhaint diobhtha gach trathnona Sathairn ionnus go nglanfadh ceann acu na bróaí i g-cóír an Domhnaigh. Cibé faill a fuair an Diabhac ar an m-brathair ghoid sé na brógaí. Ní raibh aon bhróg le fagháíl ag na braithribh maidin Domhnaigh. Ní chuirfidis in a leith gur ghoid an brathar na bróaí agus d'imthigheadar asan áit súl dá d-tuibradh siad masla den bhrathar. Nuair a bhí siad imthighthe as an áit thug an Diabhach (no Diabhal) na brógaí ar ais arít. Agus ó shoin i leith tá na foclaí so leanas le cloisteál ins an g-ceanntar

    "Ní raibh ann ach na bráíthrí agus d'imthigh na brógaí
    D'imthigh na bráithri agus froitheamh na brógaí,"

    ("Froitheamh" - an focal atá ag Padraig, leabaidh "fritheadh" ach deir sé gur "froitheamh" an focal ceart. Is mó an difridheacht atá idir Gaedilge Phadraig agus Gaedhilge Tomáis Uí Bhrannin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Padraig Ó hÉanacháin
    Gender
    Male
    Address
    Carrowntober East, Co. Galway