School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 003
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Sean chorrán a chaill a shláinte”
Fuaireas an giota so ó Thomás Ó Braonáin (no Brannin dá reír na n-daoine) Anachbeag, Cillchoirín, Béal Atha na Sluagh, Co. na Gaillimhe. Gabha dubh - seachtmho bliadhain d'aois. Chaith sé a shaoghal ins an b-paráiste so.Deir sé gur chum MacFionnachtaigh é - fíle an pharáiste so suim bliadhanta o shoin. Níl sé beo anois. Deir Tomás go raibh feith na filidheachta i g-cloinn Mhic Fhionnacthaigh ar feadh na cianta.Ar shean sleaghán a bhí sé ag tracht. Tá an dán ar fad caillte anois ach na sé línte so:-"Sean chorrán a chaill a shlainte
Agus lán mhála den stumpaí cruaidh
Rug sé ar a dheis láímh ortha
Agus thath sé iad go dtlú
Agus rinne se sleaghán diobhtha
A bhearrfadh an tighearna luadh" (an t-iorradh ruadh b'feidir)
Greasaidhe do b'dheadh Mac Fionnachtaig agus da réir sgéil rinne gabha darbh ainm Ó Gaoithín meanaithe dhó. D'iarr Ó Gaoithín ar Mhac Fionnachtaigh dán a cumadh ag tabhairt mladh den mheanaithe agus den ghabha a rinne é. Dfreagair an fíle (Mac Fionnachtaigh) ar an toirt é mar so:-"Oibreóchaidh mé ins an leathair é go ceann lá no dhóAgus dá réir mar dhéanann sé an obairBheárfaidh mé cailidheacht dhó."- Informant
- Tomás Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Gabha
- Address
- Annaghbeg, Co. Galway