School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 557

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 557

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 557
  3. XML “Seanphaidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. A Mhuire Mháthair Íosa, go raibh tú ag mo cheann. Eoin Baiste i n-a asbol go raibh tú ag mo mhuin. A Teachtaire Dílis na h-Ola Naomhtha go raibh tú againn i n-am le Brannda Íosa ar chur ar m'anam dílis a cheannuigh Críóst ar an gcrann.

    * * * * * * *

    Paidir Chialla a rinne Críosta geinimh Íosa ar shlighe a bhacall, i mball a gaisil, idir sinn agus aon neach a dhéanfas dochar dúinn. O a Mhic an gcluin tú an gleo atá chugainn go mór sa ngleann? O a mháthair ná glac eagla, sabáilfidh an t-Athair sinn, Fios a bhí, Mac an Athar Neamhdha. Go mba dún daingean an dún a bhfuil muid ann, go mba sluagh dall an sluagh atá chugainn. O a Íosa Críost fuair an eochar agus sgaoilfidh tú do chocall tharainn.

    * * * * * * *

    A Mhaighdean Mhuire agus a Mháthair Dé fuair buadh agus treis i dtosach ar mhná an t-saoghal. Taobh do leinbh a d'fhualaing gach pian dá mhéád go dtógfaidh tú suas as na pianta (nó triobloid) seo mé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Informant
    Úna Ní Droighneáin
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway