Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíodh ag na daoine ach teach an-bheag ar fad fadó. Ní bhíodh ionnta ach seómra beag amháín agus cistineach. Fraog agus scraitheacha a bhíodh mar ceann ortha, agus ní bhíodh na scraaitheacha feín ar chuid acu. Bhíodh leabaidh ins an gcistinigh ag gach duine. An "Cailleach" a tugtaoi air. Bhíodh sé i n-aice leis an teine.Is san gcúinne a bhíodh an teine ag na daoine ins na sean-tighe. Bhíodh simleár deánta de mhoirteál i gcuid acu agus ní bhíodh simileár ar bith i gcuid eile díobh ach poll san scraith.Ní bhíodh ach doras amháin ins na sean-tighthe. I gcuid acu is é an saghas dúnadh a bhíodh ag na daoine ar cuid de na doirse ná iad pacáilte le fraoigh. Ní bhíodh an fraogh féin acu ann san Samhradh.Ní bhíodh fuinneóa ar bith i gcuid de tighthe na sean-aimsire agus dá mbíodh fuinneog ann bhíodh sé an-bheag ar fad. Ní bhíodh gloine ar bith ann ach cúpla clár adhmaid. Bhíodh fraogh sáidhte ionnta chun an ghaoth agus an báísteach a choinneál amach.Urláir dóibh a bhíodh ins na sean-tighthe. Tá sé beagnach cosamhail le moirteál. Bhíodh leath-doras i ngach teach fadó, agus tá ceann i gcuid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway