School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 531
- XML “Seanfhoirgnithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá caisleán san áít seo ar oileán beag amuigh i Loch Coirrib idir Corr na Móna agus an Mám, agus Caisleán na Circe a tugtar air. Tá an díón leagtha de acht tá cuid de na fallaí in-a seasamh fós. Sé an fáth gur tugadh Caisleán na Circe air mar aon uair amháin bhí bean de mhuintir Flaithbeartaigh in a comhnuidhe ann agus bean an leisgeamhail dobh eadh í. Lá amháin nuair a bhí sí ag ithe a bhéíle tháínig cearc isteach agus bhí sí ag piocadh gráíne min bhuidhe de'n urláir agus nuair a chonnaic an bhean í bhí aithmhéal uirthi nach raibh sí feín i n-ann ithe chomh h-éasga leis an gcirc sin agus deirtear go raibh gob circe uirthi ar maidin. Tugtar Caisleán na Circe ó shoin air.Chaith Gráine Uí Mháille tamall maith san gcaisleán sin. Deirtear go raibh sí lá i mBaile Átha Cliath agus go bhfaca sí páiste óg i gcliabhán, oighre Iarla Bhinn Eadair, agus ghoid sí é. Thóg sí go Caisleán na Circe é agus dubhairt sí nach dtiubhradh sí ar ais é go bhfuigheadh sí go leor airgead. Bhí casán tirm ag dul amach chuig an caisleán an t-am sin ach níl sé ann anois.(continues on next page)
- Informant
- Siobhán Bean Uí Floinn
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway