School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 526

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 526

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 526
  3. XML “Arán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an saghas aráin a bhíodh ag na daoine fadó san áit seo ná arán coirce. Milleadh na daoine an coirce iad féin le bróinte. Bhíodh bró i ngach teach chun coirce a mheilt. Ní raibh aon chruithneacht acu. Is le gairid a tháinig sé go dtí an taobh seo den tír. Sé an sort rud é bró ná dhá leac cruinn agus bheith ag cuimilt leac amháin de leac eile agus an coirce a bheith istigh idir iad. Tá cor-bró thart san áit seo fós ach ní bhaintear úsáid asta. Tá bró thiar san Mám fós ag Tomás Ó h-Allmhurán. Tá ceann eile ag Mícheál Ó Coirbín i n-aice leis an bhfáirche. Uaireanna déantaoi arán 'boxty' de fataí, agus an uair a mbíodh duine ar foghamh le teacht chun an tighe bíodh beagán plúr cruineachtain acu.
    Sé an t-ainm a bhí ar an áit a gcuirtí an t-arán le bácáil ná 'crunán'. Bhí sé déanta den crann giúise agus bhí sé cosamhail le stól agus trí cosa air. Cuirtí an t-arán ina sheasamh leis agus bhíodh sé an-deas.
    Fadó déantaoi arán ar an 'griddil'. Cáca an-tanuidhe arbh eadh agus crannóg a tugtaí ar seastán a bhíodh faoi. Cuireadh na daoine marc ar bharr na gcácaí. Fadó theigheadh bean an tighe amach ar maidin agus tharrneóchadh sí cúpla punann coirce
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway