School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chuir sé a chosa san áít ba cheart dá chloigeann a bheith. Taréis tamaill eile léím an caitín isteach sa leabaidh agus sháíth sé a chrúba i gcosa an fhir agus níor b'féídir a chrúba a bhaint as chosa an fhir gur gearradh le corrán iad. D'imthigh an cat leis annsin agus níor facthas go deo arís é.Bhí bean i gCloigcheann fadó agus bhí sí ag tiomáint beithidheach i n-aice an locha. Chonnaic sí ainmhidhe ag teacht isteach as an loch chuici. Ní raibh fhios aici céárd a bhí ann i dtosach ach nuair d'fhéach sí go maith air thug sí faoi deara gur tarbh a bhí ann. Deir na sean-daoine gur ag tabhairt aire d'ó a bhí i bhfolach ins an talamh ar an tráígh a bhí sé. Fuair na daoine an t-airgead sin tamall in a dhiaidh sin.Feictí go leor ainmidhthe eile freisin ach níl a fhios ag na daoine cé'n sort ainmhidhthe a bhí ann. Deirtear go raibh an chuid is mó acu cosamhail le ba agus le caiple freisin.
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway