School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 512

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 512

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 512
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuirtear go leor fataí san gceanntar seo, ach bhíodh níos mó fataí dhá chuir fado ná mar atá anois mar ní raibh tae acu. Mhaireadar ar fhataí agus bainne. Is le láighe is mó a cuirtear na fataí san áit seo. Déantar iomairí agus sgartar na fataí ar na h-iomaraí. Sgartar aoileach ortha. Is í bean an tighe a ghearrann na sgiollaín de gnáthach. Annsin tógtar isteach fód ar an aoileach agus ar na sgiollaín. Cuirtear trí no ceithre sgiollaín ar leithead na h-iomaire.
    Fágtar mar sin iad go mbíonn na gasa aníos thar an gcré. Annsin lántar iad agus bíonn siad arís go Fóghmhar. Cuirtear cuid eile de na fataí go luath san samhradh agus bíonn siad reidh le baint i dtosach an Fhóghmhair. Tugtar "Céád Fhóghmhar" ortha sin. I ndeireadh séisiúr an t-samhraidh de gnáthach bíonn an dubh ag teacht ar na fataí agus cuirtear spé ortha chun é a chosg. Tugtar "Máilín Sáidhte" ar mhála beag a bheadh thart ar chom duine chun na sgiollaín a chur ann chun iad a shaídeadh. Siad na cineál fataí atá thart annseo ná na "Champions," "Kerr's Pinks," "Irish Queen," agus "Aran Banners." Ní usáidtear céachta adhmaid san aít seo anois ach ag déanamh drilleanna agus ag baint láin. Déantar arán as na fataí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Fhloinn
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway