School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 501
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gabha in a chomnuidhe i gConnamara fadó. Bhí sé an-bhocht agus bhodh sé ag dul ó áít go h-áít ar lorg oibre. Lá amháín d'fhág sé beannacht ag a mhuintir agus d'imthigh leis. Bhí sé ag imtheacht agus ag imtheacht go dtáinig sé go Beál Átha Luain. Bhí gabha annsin agus d'iarr sé obair air agus fuair sé sin agus fáilte. Tar éis cupla seachtmhain bhí an obair uilig déanta agus dubhairt an gabha leis, "Tá an obair go leír críóchnuighthe agus caithfidh tú imtheacht agus tá brón orm sgaradh leat mar is thú an fear oibre is fearr a chonnaic mé ariamh." "Dheamhan neart air," arsa gabha Chonnamara agus d'imthigh sé leis.Bhí sé ag imtheacht leis go dtáinig sé chuig ceardain eile, agus fuair sé obair ann. Ní raibh sé i bhfad ann go raibh an obair uilig déanta. "Anois," ars an gabha, "ceard a dhéanfas muid?" "Caithfidh mise imtheacht," arsa gabha Chonnamara. "Ná h-imthigh," ars an gabha eile "Fan liomsa agus tiubhraidh mé mo chuid talmhan agus m'inghean duit." Pósadh an bheirt acu agus mhair siad go séanmhar ar feadh tamaill. Bhí páriceanna móra faoi chruithneacht agus coirce aige agus geataí iarrainn ionnta.Maidin amháin nuair a chuaidh sé amach chonnaic sé an geata iarrainn leagtha agus an coirce leagtha go(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Spealáin
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway