School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 499
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go bhfuil leigheas i SUGH NEANNTÓG le h-aghaidh bruitíneach. Bruithtear na neanntóga ar bainne agus annsin óltar an bainne.Fásann an BUACHALLÁN BUIDHE ar thalamh maith agus ar droch-thalamh. Tá leigheas ann le h-aghaidh an galra buidhe. Gearrtear an chos de agus deirtear dá gcuirtheá i do b héil é agus é do choinneál ann go dtí go mbeidh an sugh go léir imthighthe as annsin leigheasfidhe an galra buidhe.Baintear usáid as an bhFARNÓIG chun olna a dhathú. Cuirtear síos í bpota é leis an olann agus nuair a tógtar suas é, bíonn dath dubh ar an olann.Tá leigheas sa SLAMHNAS (Slánlus) chun gearradh do leigheas. Fásann sé in a duilleoga beaga sa talamh. Luibh eile seadh an BLÁTH BÁN. Fásann sé sa gcnoc imeasg an fhraoigh. Tá leigheas ann le h-aghaidh an galar a bhriseann amach tríd an gcreacainn. Fásann an SAMHA CORA go h-an árd agus bíonn bláth bhuidhe air. Tá leigheas ann do bhrughadh cloch. Tá leigheas sa gCIPEÓG CRUACH PHÁDRAIG do gearradh freisin.Fásann an CARRAIGÍN i n-aice na Fairrge agus tá sé go h-an mhaith do duine tinn. Leigheasann sé slaghdán agus casacht ar duine. Bruithtear(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway