School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 493
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinig an Droch-shaoghal san áit seo agus cailleadh go leor daoine ar thaobh na mbóithre an uair sin. Bhí i bhfad níos mó daoine in a gcomhnaidhe sa tír seo thar mar atá anois. Lobh na fataí ins na puill agus ins na tighthe. Sé an síol a bhí ag na daoine an dara blian ná na súilí a bhaint as na fataí agus iad do scaipeadh san ithir. Ní raibh aon biadh le n-ithe ag na daoine bochta nuair a theip ar na fataí agus cailleadh go leor daoine le fiabhras agus le ocras.In aimsir an ghorta bhí go leor protastúnaigh sa Dún agus thugaidís biadh do gach duine a leanfadh iad ach b'fearr le na daoine bás d'fhághail ná ionntú leo. D'iompuigh bean darbh ainm Máire Ní Fheartaigh agus a clann leis na protastúnaigh nuair a cailleadh a fear leis an ocras, ach nuair a bhí a clann go leír in ann a mbeatha a shaothrú d'iontuigh sí uatha arís.San am sin cuireadh bóithre ar bun chun cabhair a thabhairt do na boicht. In aimsir an ghorta thug fear lán naigín óir ar lán naigín mine agus an t-é a fuair an t-ór bhí sé caillte ar maidin agus an fear eile beo. Cailleadh fear de na Breathnaigh ar thaobh an(continues on next page)
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway