School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 488

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 488

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 488
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sa gcairt go dtáinig siad go bearna a bhí ar thaobh an bhóthair. Annsin thóg siad leo é go dtí Cnoc Meadha agus nuair a bhí siad píosa suas ar thaobh an chnuic casadh fear marbh leo agus ba an-chosamhail leis an bhfear a bhí acu. Nuair nach raibh an fear a chuaidh ag an aonach ag teacht abhaile chuaidh go leor daoine dhá chuartughadh agus fuair siad an fear a casad leis na sidheoga ar thaobh Cnoc Meadha. Thug siad leo é abhaile agus chuir siad é agus cheap siad gurb' é an fhear ceart a bhí acu ann. Cúig bliana tar éis na h-ama seo tháinig an fear abhaile agus bhí gach duine a chonnaic é ag rith uaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá lios thiar ins an Móínín Mór i n-aice leis an Mám. "Sgealp na Coimhréidh" a tugtar air. Tá poll mór cruinn ag dul isteach ann. Deirtear go bhfeiceann na daoine comhra éigin ann nuair a bhíonn aon timpist mór le tarlú. Bhí an- stoirm san áit seo ins an mblian 1927 agus deirtear go bhfaca na daoine bean ann agus í ag caoineadh. Cúpla oidhche 'na diaidh sin bhí an stoirm ann. Tá cáil taibhsí agus sidheóga ar an Móínín Mór, agus tá an-fhaitchíos ar dhaoine dul siar ann san oidhche.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Droighneáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway