School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl mórán liosanna san bpáirt seo de'n tír ach amháin trí nó ceathair.Tá lios i nDún in aice le Cornamóna. Feictear fear le culaith glas air ann go minic. Tá poll ag dul isteach fé bhun carraigh mhór. Ní feiceann mórán daoine an poll agus deirtear go mbionn uisge i gcomhnaidhe ag silt anuas ar thaobh na h-aille. Ní fheiceann aon duine tada anois ann ach fadó feictí cat dubh agus coinín bán ann. Oidhche amháín bhí fear ag brionglóid go bhfuair sé pota óir istigh sa bpoll. D'imthigh an fear lá ar na bhárach chun an poll a réabadh ach leann an cat agus an coinín é agus níor mhair sé i bhfad in a dhiaidh seo. Tugtar Aill na Sidheóg air ó shoin. Poll mór cruinn atá ag dul isteach faoi an aill. Bhí fear eile ag dul thart ar an aill oidhche mar bhí sé ag dul amugha sa gceo. Chuala sé ceol istigh sa bpoll agus annsinchuimhnigh sé ce'n áit a raibh sé.Tá go leor liosanna agus rathanna i gCnoc Meadha in-aice le Cunga. Lá dá raibh fear ag dul go aonach a bhí i nGaillimh le cairt muc. Nuair a bhí sé 'n-aice le Cnoc Meadha chonnaic se go leor fir ag imirt liathróide coise. Tháínig na fir leis agus chuaidh siad go léir isteach(continues on next page)
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway