School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 481

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 481

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 481
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Siad na cluichi is mó a n-imrightear san áit seo, Lúrabog Lárabog, Sionnach agus Géabha, Geataí Árda, Púicín, ag Imirt Liatróíde, ag Caitheamh Léim, ag Piochadh Cnó, ag Breith ar Éanacha i gCliabhán Éan, ag Sleamhnadh ar an Leac-Oidhre sa nGeimreadh, ag Déanamh Fir Sneachta agus ag Caitheamh Liatróíde Sneachta, agus Frog ins an Lár.

    'Sé an chaoi a n-imrighimid LÚRABOG, LÁRABOG, bídmíd 'nár suidhe timceall na teine oidhche Geimhridh, agus bíonn duine amháín 'na sheasamh agus bíonn an rann seo ar siubhal aige
    Lúrabog Lárabog,
    B. Ó Néill
    Néill an Priobáin
    Priobán Suileach
    Súileach Seicneach
    Seic na mBreile
    Dá chois loma,
    Lomán Láchaigh
    Corr na gCaillighe
    Isteach go Flaitheach.
    Buaileann sé cosa gach duine agus an duine a dtuitfidhe an Focal "Flaitheach" air, chaitfeadh sé imtheacht as. An duine deire a bhéas ann caithfeadh sé an rann a rádh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Informant
    Máiréad Ní Droighneáin
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway