School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 478

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 478

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 478
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iad laetheannta áirithe is tabhachtaighe ná Lá Crosta na Bliana, Diardaoin Dearg, Nodlag na mBan, Lá na Leanbh ar an 28adh lá dé Mhí na Nodlag, Domhnach na h-Inide nó an Domhnach roimh an gCarghas, Domhnach na Smuit, Diardaoin Caplaodh nó an Diardaoin deire de'n Charghas, Lá Caochtadh na gCnó ar an 17adh d'Iúl, Domhnach na bPutóg an dara Domhnach roimh an Nodlaig, Gearrógaí Dubha na Nodlag nó laetheannta gearra na Nodlag.
    Ní maith le cuid de na daoine tosnú ag treabhadh nó ag cur fhataí ar "Lá Crosta na Bliana" nó níor mhaith leó trosgán d'aistriú isteach i dteach nua sa lá ar a dtuiteann ar feadh na bliana. Tagann an lá sin ceithre lá taréis Lá Nodlag.
    Ceapann na daoine nach mbéadh aon ádh ortha dá dteighidís ag treabhadh Lá Bealtaine, Lá Samhna agus Luan Cingcíse. Ní maith le na daoine a dul ag snámh ná ag iasgaireacht Domhnach Cingcíse. Creidtí fadó nach gcaillfidhe an t-é a thiocfadh isteach sa saoghal Domhnach Cingcíse gan dúnmharbhadh a dhéanamh.
    Fadó bhíodh leigheasanna ag na daoine agus ba
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway