School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 462

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 462

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 462
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí go leor Protastúin san áit seo in aimsir na géarleanamhna. Bhíodh siad ag iarraidh na Caitilicigh ann d'athrughadh chun an chreidimh Protastúnach. Bhí beirt nó tríúr sagart thart san áit. Leighidís an t-Aifreann i n-áiteacha uaigneacha i ngan fhios do na Protastúnaigh. Dá bhfeiceadh siad na sagairt mharbhochaidís iad. Léighidís an t-Aifreann ins na tíghthibh freisin. An fhaid is bhídís ag léigheamh an Aifrinn ins na tighthibh théighead beirt fhear ar an doras ag faire ar eagla go dtiocfadh na Protastúnaigh. Bhí spiairí go fairsing ann an uair sin agus uaireannta d'innsighidís do na Protastúnaigh nuair a bhíodh sagart le Aifreann a léígheamh i dteach éigin. Annsin bhíodh na Protastúnaigh ag an teach idtosach ar an sagart agus mharbhuighdís é.
    Bhí Sasanach ag dul thart san áit seo agus sé an t-ainm a tugadh air 'Seán na Sagart' mar bhí sé ag dí-cheannadh na sagart a bhí san áit. Fuair sé go leor airgead ar chloigeann sagairt.
    Bhí go leor sagart i Mám-Éan in Aimsir na Géarleanamhna. Léighidís Aifreann ann agus thagadh go leor daoine chuig an Aifreann. Bíodh go leor sagart ins na cnuic agus ins na gleannta i n-aice le Dubhachta, Corrnamóna. Is minic a thagadh na Protastúnaigh ortha i ngan fhios agus iad ag léígheamh an Aifrinn. Nuair a bhíodh go leor Protastúnaigh ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway