Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 460

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 460

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 460
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhíodh buideál poitín acu agus bhidís ag ól ar feadh na h-oihdche agus annsin d'iarraidís an bhean le pósadh. Sé an spré a thugaidís dóíb ná cúpla ba agus suas le sgór bullán agus capall. Ní bhfuigheadh cuid acu spré ar bith agus gheibheadh cuid acu sgór gpunt no piosa talmhan agus teach. Uaireannta bhídís imhtighthe cúpla seachtmhain roimh an bpósadh.
    Tá sgéal ann faoi bheirt fear a chuaidh ag iarraidh mná fadó. Chuaidh an bheirt acu ag iarraidh aon bhean amháin. Bhí duine acu deas agus an duine eile grána, agus bhí an cailín an-áluinn. Dubhairt máthair an chailín leo, an duine is fearr acu a bheith i ndon súgán a chasadh go dtiubhradh si a h-inghean dhó. Chuir sí an fear nar thaithnigh leí ag casadh ar dtús. Nuair a bhí se ag an doras dubhairt an bhean leis leanamhaint de amach ar an t-sráid. Nuair a fuair an tsean-bhean amuigh é dhún sí an doras air agus thug sí a h-inghean do'n fhear eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Pósadh go leor lá Inide fadó. Deirtear má fheiceann tú an chéad uan sa mblian lá Inid go mbeidh an mí-ádh ort. Deirtear fresin má fheiceann tú an snag-breac ag eiteall go h-árd sa spéir an lá sin go mbeidh duine muintireach leat le bás d'fhághail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Úna Ní Droighneáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85
    Seoladh
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway