School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 459
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an t-sean-aimsir is i dteach an phobail a phóstaoi iad. Thagadís abhaile ar chapall agus bhíodh suas le cúpla sgór capall ann. Bhíodh go leor daoine ag an mbainis. Cácaí mine-coirce a bhíodh acu agus ní leigidís aon duine a mbíodh capall bán aige chuig an mbainis. Ní leigidís an bhean a phósadh abhaile go ceann míosa. Cheapaidís go mbeadh an t-ádh ortha dá mbeadh cat dubh sa teach acu. Ní leigtí máthair na mná chuig an mbainis.
    Bhí fear saidhbhir i gClochán uair amháín agus bhí sé le bean óg a phósadh. Lá amháin tháínig sí féin agus an sagart isteach chuige agus é ag ithe bronthóig fataí rómpa. Dubhairt an sagart leis deifir a dhéanamh gobpósfaidhe iadh. Dubhairt an fear leis a am a thógáíl go mbeadh aa sháith ithte aige. D'éírigh an bhean óg agus ghlaoidh sí an cailín aimsire amach leí. Ní raibh acht súil amhaín ag an gcailín seo, agus Siobhán Chaoch an t-ainm a bhí uirthi. Dubhairt si le Siobhán an fear a pósadh acht dubhairt Siobhán leí nach bpósfadh sé í. Dubhairt sí go dtiubhradh sí a clóca fein dí agus go gceapfadh sé gur b'í feín a bheadh ann. Rinne Siobhán sin agus bhí leath an pósadh thart nuair a d'aithnigh an fear cé bhí ann. Annsin d'innis sé don sagart gur b'í Siobhán a bhí sé ag pósadh leis, acht dubhairt an sagart go gcaithfeadh sé déanamh leí anois. Chaitheadar saogal sona sásta le chéile i n-a dhiaidh sin.
    Sé an caoi a dheanaidís cleamhnas fado, théigheadh cupla fear chuig an teach i n-a mbíodh bean óg, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway