School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 457

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 457

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 457
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíodh daoine ag pósadh fadó, uaireannta ins an teach a dheinidís é agus ní leigidís d'aon duine eile teacht i n-aice leo. Annsin nuair a bhhíodh an pósadh thart théíghidís chun faoistin agus comaoine.
    Uaireannta eile bhíodh go leor mná óga ag imtheacht as baile san oidhche le fir óga agus ní phósaidís go ceann míosa in a dhiaidh sin, agus ní sgríobhaidís abhaile go ceann bliana.
    Deirtear go bhfuil sé mí-ráthmhar pósadh ar Céadaoin go mór-mhór Céadcaoin tar éis lá saoire. Is maith le gach duine a bheith ag brath ar phósadh roimh an gCarghus. Pósann go leor daoine ar Máirt na h-Inide.
    Nuair a phósann cuid de na daoine ní maith le aon duine de'n lánamhan a dhul amach ar dtús. Ceapann siad an chéad duine a théighfeadh amach gurb é a caillfear ar dtús. Tar éis pósadh do chuid de na daoine téigheann siad ag marcuigheacht ar chapall dubh. Ní thagann "buachaillí tuighe" isteach chuig pósadh ach tagann siad chuig tórramh.
    Tugann an chuid is mó daoine spré do'n mnaoi. Tugtar timpeall céad punt dí, agus gheibheann sí bó freisin. Timcheall ceithre sgór blian ó shoin bhíodh daoine ag pósadh ins na tighthibh agus bhíodh cóisirí acu. Tugaidís cuireadh do gach duine i bhfoisgeacht cúpla míle dóibh agus bhíodh an-spoirt acu. Fadó nuair a bhíodh siad ag déanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway