School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 455
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Bhí sean-sgoil i nDún i n-aice le Corr na Móna fadó. Sgoil an Dúin an t-ainm a bhí uirthi. Tá na fallaí ann fós. Sgoil Phrotastúnach a bhí ann agus is é an ministeár a bhíodh ag múineadh ann.2) Bhí sgoil sgairte ar an mBríanan i n-aice leis an Mám. Dob é Pillib Ó Cadhain a bhíodh ag múineadh ann. Is i mbéarla a bhíodh gach adhbhar acu.3) Bhí sgoil sgairte ar an gCeathramhadh Garbh fadó. Dob-é Tomás Seoighe a bhíodh ag múineadh ann. Ní raibh suidheacháin ná bord sa sgoil agus is ar slinn a bhíodh siad ag sgríobhadh. Beárla a bhíodh siad ag foghlaim sa sgoil sin freisin. 4) Bhí sgoil sgairte eile i Muinntir Eoghain i n-aice le Líneáín. Séamus Ó h-Allmhuran a bhíodh ag múineadh ann, agus is tré Bhéarla a bhíodh sé ag muineadh. Is ar slinn a bhíodh siad ag sgríobhadh. Bhídís ag foghluim áireamh agus léígheamh chomh maith.5) Bhí sgoil an-bheag eile i n-Uachtar Árd. Sgoil sgairte a bhí ann. Bhí gach adhbhar acu i mbéarla. Léígheamh, sgríobhadh agus áireamh a bhíodh siad ag foghluim. Bhí go leor daoine sgaithimh ag múineadh ann. Bhí mánach ag múineadh ann uair amháín agus go leor daoine eile. Ní raibh cead ag aon pháiste i n-aon sgoil acu seo an Ghaedhilg a labhairt.
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway