School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 454
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm Pádraig Ó Cadhain ag múineadh sgoile i gCeathramhadh Garbh timcheall dhá sgor blian o shoin. Bhí sé ag múineadh i dTír na Cille ar dtú. Bhí teach sgoile aige annsin. Is i dteach na sgoile a bhí cómhnaidhe air féin agus a bhean agus a chlann. Bhí suidheacháin sa sgoil. Bhiodh go leor sgoláirí ag teacht go dtí an sgoil. Is i dtig Úna Ní Dhroighneaín agus i sean-teach eile nach raibh aon duine i na gcomhnaidhe ann a bhí sé ag múineadh ar an gCeathramhadh Garbh. Is i dtig Dhroighneáin a bhí sé in a chomhnaidhe nó gur feistigheadh an sean-teach eile dhó. Annsin chuaidh sé chun comhnaidhe ann. Is ar slinn a sgríobhaidís agus is le cailc a sgríobhaidís air. Is ó'n Rialtas a d'fhághadh sé páighe. Is amuigh fé'n aer a bhídís ag fóghlaim ar feadh an tSamhraidh. Ní raibh an dá theach an-mhór agus bhíodh go leor sgoilairí ann.Bhí fear darbh ainm Seán Ó Liodáin ag dul thart fadó ag múineadh in sgoileanna sgairte. Is i bhFionnuighthe a chaith sé an chuid ba mó dá shaoghal. Is iad na sgoláirí ná a dtuismhightheóra a d'iocadh é. Uaireannta ní iarradh sé airgead ar bith ach loistín do thabhairt dó agus é do bheathadh. Sgoláire bocht dob eadh é ó in-aice le Cunga. Cailleadh é cúpla blian ó shoin.
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway