School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 451

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 451

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 451
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Deirtear go leigheasfadh anal gandail crios-galar ar pháiste óg.
    2) Leigheasfadh teagasc fear capaill bháín trioch ar malrach.
    3) Nuair a bhionn muineál tinn ar dhuine, deir na sean-daoine go leigheasfadh salann rósta fillte i n-éadach olna é.
    4) Deirtear go leigheasfadh bran te pian i gcluais duine
    5) Deirtear go leigheasfaidhe pian i bhfiacal duine dá gcuirfeadh sé frog in a bhéal agus trí scread a bhaint as ann.
    6) Deirtear go leigheasfadh cupóga sráide droch-ghearradh. Cupóga Chruach Phadraig ainm eile atá ortha.
    7) Leigheasfadh sugh neantó bruitíneach ar duine. Bruithtear na neantóga i mbainne agus óltar an bainne annsin.
    8) Deirtear go bhfuil an seachtmhadh mac i n-ann gach galar a leigheas acht is rí-annamh a bhíonn an seachtmhadh mac ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Droighneain
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
  2. 1) Tá leigheas i dteanga sionnaigh le h-aghaidh aon ghearradh a bhíonn ar dhuine. Is féidir leis dealg a bhaint as chois duine.
    2) Tá sé rádithe dá n-ólfadh duine bainne asail nuair a bheadh an trioch air go leigheasfaidhe é. Bhí sé de nós ag na daoine fadó, iarraidh ar dhuine a mbeadh capall bán aige, cad é an leigheas a bhí aige do thrioch agus cibé céard a déarfadh sé dá ndéanfadh an duine é sin go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.