School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thug mise an cuairt seo to Tobar Mhic Dúin
Agus chugat anuas le Fánaidhe
Go Condae na Midhe agus go Loch Dearg na Naomh
Sin chugat anuas Cruach Pádraig.
Is ar shiubhal mé go fóill níor chuala mé ceol
Ag organ, Fliut ná cláirsigh,
Mar bhí ag a lán i dteach Phobail Mhuigheo,
Sé sagart na Cúile Báine.
(II)Go Condae Mhuigheo má théigheann tú go deo
Cuir tuairisg ar fhear de Sheoigheach
Agus gheobhaidh tú é ag gábhail chugat an ród
Mar bheadh aingeal as Ríogacht na Glóire
Téigh ar do ghlúiní is aithris do rún dhó,
Agus ar uair do bhás na Flaitheas go bhfághaidh
Ó Shagart na Cúile Báine.
(III)Éirighidh suas go dteighimís chun siubhal
Go bhfágham siúd ó'n bpápa
Is go bhfághaimís léas ar theach pobail Mhuigheo
Do Shagart na Cúile Báine
Éirighidh suas go dtéighimís chun siubhal
(Pages 450-451 concealed)(continues on next page)