School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 447
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“D'eirigh mé go moch Dia Céadaoin.”
(I)D'éirigh mé go moch Dia Céadaoin
Deir mé liom féin go raibh an mhaidin fuar
Ceárd d'fheicinn (?) acht mo chéád searc
Agus (?) i n-a léíge i bhfad uaim.
Do druideamar le cheile,
Agus d'fhág eadach deas chun súan
Acht go ndearna a bhfuil beo i nÉirinn
Dheamhan ar féidir tú a choinneál uaim.
(II)Agus díomad rí na dhaoine
Do'n té a dhíbhir mo ghrádh i bhfad uaim,
Gan goir agam dul le chéile
Lá saoire ná go moch Dia Luain.
Ach dá mbeadh sé ag cur na díleann
Agus an oidhche a bheith in a sneachta dtuaith.
Ach le mo mhian dá bhfághann cead síneadh
Go mbeinn chomh h-aoibhinn leis an eala ar chuan.
(III)Agus truagh nach mé in mo éinín
Is deas a léímfinn ó thom go tom,
Ná in mo bhradán ar Loch Éirne
Is deas a snámhfainn ó thonn go tonn.
Sgríobhfainn agus leighfinn leabhair Gaedhilge
Cé gur milis é do bhlais ( no - le bárr mo pheann )
Ach ní fhéadfainn mo chómhrádh a dhéanamh
Le éadtrom is tá mo cheann.(continues on next page)