School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 441
- XML “Amhráin”
- XML “Bailtí Locha Riain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhráin (continued)
“Ta mo chleamhnas déanta ós san oidhche aréir...”
(continued from previous page)III
Is má phósann tú coidhche Pós ins an aimsir breágh,
Nuair atá na páirceanna bán agus na móinféir fé na bláth
Beidh tusa agus do stóirín ag spoirt agus ag greann
Amach shíos faoi na h-oileáiní bána.
IV
Shiubhal mé thoir agus shiubhal mé thiar
Shiubhal mé i Sasana agus go mór-mór i mBaile Átha Cliath
Agus samhail mo mhíle stóirín ní fhaca mé go fóill,
Sí Molly Bán ata mo ghrádh.
V
Maidin indé dá uair roimh an lá
Bhí leitir agam sgríobhtha ó mo chéad mhíle ghrádh
Tá an lon dubh is an chéirseach is an Smólach Gá rádh,
Go raibh mo ghrádh geal ag teacht thar sáile.- A Neilí Báin, a mhíle grádh, is tu caraidín mo chroidhe
Cuir do lámh faoi mo cheann, ní mhairfidh me beo mí,
Dá mbeinn 'mo luighe ar mo leabaidh le raithe is mé bheith tin
Go mbeinn chomh slán le bradán bán nuair a chloisfinn glór do chinn.
II
Dá mbeadh liom-sa Port Omna is bailtí locha Riain
Luimneach gan Chuntas is Co. Bhaile Átha Cliath,
Is le mo Neilí Bhán a roinnfinn é a leath is a thrian
Mar shúil go mbeinn i gcleamhnas leath lá fada is blian.(continues on next page)