School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 440
- XML “Corr na Binn”
- XML “Amhráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dá dtiubhrtha sin dom agus oiread sin leíthi,
Is acra móinfheír i n-aghaidh an tuinn,
Go mb'fhearr liom-sa acra den mbogach báidhte,
Atá idir an Máimín is an Trinse Droighean,
Bheith ag pleidhe le cailíní lá saoire is Domhnaigh
Is ag siubhal na móinte seo Corr na Binn.Is dá mbeadh fhios ag buachaillí deas Gleann Néifin
Go bhfuil mé annseo i mo luighe tré lag tinn
Is go moch ar maidin bheadh siad dom iarraidh
Ar eachaí glégeal is ar cóistí cinn.
Ghléasfainn féin dóibh fleadh agus feásta
Is dá bhféadfainn togha an óil
Is bheadh na céadta ar meisge i n-eindigh
I dteach 'Tom Daly' i gCorr na Binn. Amhráin
“Ta mo chleamhnas déanta ós san oidhche aréir...”
Tá mo chleamhnas déanta ós san oidhche aréir
Le caiín is ní mó ná go dtaithnigh sí liom féin
Fágfaidh mé mé in mo dhiaidh í agus imtheóchaidh me leat féin,
Amach thíos faoi na h-oileáiní bána.Cailín beag óg sí ba mhian liom féin
Sin agus leaba breagh clumhach ean n-a taobh,
Buidéál de thogha an fuisce agus gloine le n-a roinnt
Agus mo stóirín féin a bheith ar láimh liom.(continues on next page)