School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 439

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 439

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 439
  3. XML “Corr na Binn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá leitir sgríobhtha in mo phóca thíos agam
    le cur amáireach go Corr na Binn,
    Is go bhfuil mé annseo le tuile agus ráithe
    Is mé marbh sáruighthe le tinnis cinn.
    Muna bhfuighidhmé fuaradh ó Rí na nGrásta,
    Agus mo shláinte d'fhágháil dom mar is cóir,
    Déanaighidh cóntra agus túmba clár dom
    Agus fágfar amáireach mé i gCorr na Binn.
    Sé an áit is breághtha é atá anall ó Eifin,
    Le báid ag éirigh ó thuinn go tuinn,
    Níl fear dá chleacht é nó a bheadh dhá chreisint
    Ní h-iongnadh mór dó a chroidhe bheith linn.
    Bhí mise i nAcaill agus ba mhín liom fágáilt
    Cé gur mhaith an áit í ag strainséirí
    Nhí biadh agus leaba ann le fághail don cúnntas
    Agus cómhrádh áluinn ó chailíní.
    Séard dubhairt fear as Acaill liom gan a bheith gan chiall dom
    Gan bheith ag gol ná ag géagaighil faoi Chorr na Binn,
    Go bhfuighidh sé bean dom agus dhá chéad bó léi
    Agus acra móinfhéar i n-aghaigh gach tionn.
    Bád agus aingeacha is iad do chur i n-éindigh
    A thiubhradh éadál isteachnó thuinn,
    Agus cheapfainn féin gur fearr an méid sin
    Ná bheith ag gol agus ag géagaighil faoi Chorr na Binn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish