School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 431
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa mbliain 1919 bhí gaoth an-mhór san áit seo. Thóg sé báid agus feamuinn agus scaip sí ar fud na sléibhte iad. Do tógadh an ceann de sheid agus de theach ar an gCeathramhadh Garbh agus cuireadh amach go Dubhachta iad. I mí na Márta a thárla sé. Tógadh currach as Rosmuc agus cuireadh amach go dtí na sléibhte é i n-aice leis an Mám. Tógadh bád eile as an gCeathramhadh Garbh agus cuireadh leath-mhíle bealaigh sa ngaoith é. Bhí an bád ceangailte le slabhraí. Timcheall leath-blian ó shoin a fuaireadar an bád.
    I bhfoghmhar na bliana 1930 tháinig an tuille is mó dá raibh san áit seo ariamh. Do sguabh sé go leor cruacha féir agus coirce agus chuaidh an tuille isteach ins na tighthibh agus bhí na rudaí a bhí ionnta ag snámh ar an uisge mar bhí an t-uisge chomh h-árd sin. Bhí na fataí go léir lobhtha aige.
    Bhí droichead ag an Mám agus bhí sé chomh pacáilte le rudaí a d'imthigh leis an tuille nach raibh aon bhealach ag an uisge dul amach faoi. Bhí sé ag dul amach ós cionn an droichid. Bhí na h-aibhneacha agus na srutháin ag dul thar maoil le uisge. Do cuireadh gach bád nach raibh ceangailte go maith ar an loch. Chuaidh a gcuid bád amugha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway