School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 428
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear, Tomás Ó h-Allmhuraín, i bhFearnacht, i n-aice le Corr na Móna, fadó, agus cuireadh as a seilbh é. Deirtear gur b'é an fáth a dheineadh é mar bhí na sagairt ag léigheadh Aifrinn i dteach eile, agus bhí an ministéar agus go leor Sasanaigh ann. Nuair d'árduigh an sagart an Comaoine, dubhairt na Sasanaigh, "féach é ag árduigh suas an Dia bréige". D'iarr an sagart ar na daoine an raibh aon duine sa teach a leigfeadh isteach é agus a choinneóchadh amach na Sasanaigh. Dubhairt Tomás go raibh sé féin i ndon. Sheas Tomás sa doras agus sháith sé an píce i n-aon duine a tháinig isteach agus ní raibh sé dhá lá gur cuireadh as a seilbh é. Is é an Tighearna Liathroime a rinne sin freisin.
- Bhí triúr fear ag bádóireacht ar loch Measga aon uair amháin agus chuaidh an bád síos agus báitheadh an triúr acu.Lá amháin chuaidh lán báid de daoine ó Rosmuc go Oileán na gCadhain. Ar an mbealach abhaile thógadar cailín isteach sa mbád leo. Siad na daoine a bhí sa mbád, Pádraig Ó Conaire, sin é athair Phádraig Óg Ó Conaire, an(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway