School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 404
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní bhíodh ag an bhfear seo fá chóir leabaidh ach tuighe caithte ar urlár. Dubhairt na daoine leis gur mór an náire dhó gan leaba comportiúil a bheith aige agus ag a bhean i ndeireadh a shaoghail. Chuir sé fios ar shiúinéar agus rinne sé leaba dóibh. Chuadhadar a choladh an oidhche sin agus nuair a d'éirigh sé ar maidin, agus chuaigh amach fuair sé a chapall breágh glas báidhte san abhainn. Chuaidh sé isteach agus dubhairt le n-a mhnaoi, "Éirigh suas go tapaidh, tá mo chapall glas báidhte." Bhris sé an leaba agus dubhairt sé, "An té a árduigheann é féin, ísleóchaidh Dia é, agus an té a ísligheann é féin, árdóchaidh Dia é."
- Bhí fear agus bean in a gcoinnuidhe le céile fadó. Duine réidh dob'ead an fear. Bhí sé ag briseadh cloch ar an mbóthar. Maidin amháin nuair a bhí sé ag dul obair dubhairt Máire, a bhean, leis píosa leathair a tabhairt leis ó'n siopa le píosa a a chur ar a bróig. Dubhairt Tomás go dtiubradh.Nuair a tháinig Tomás abhaile d'iarr Maire air ar thug sé an leathar. Dubhairt sé go mbeadh sé aige lá 'r na bhárach go cinnte. Tháinig Tomás abhaile an tráthnóna in a dhiaidh sin agus ní raibh an leathar aige agus dubhairt Máire leis, "Muise is(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway