School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 399
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i naice le Baile an Róba uair amháin agus bhí sé ag brionglóidigh trí oidhche in dhiaidh a chéile go raibh pota óir i bhfolach i gCaisleán na Circe. Tháinig sé go dtí teach sa gCeathrú Garbh agus d'fhan sé ann an oidhche sin. d'Fiafruigh fear an tighe de cé'n áit a raibh sé ag dul. Dubhairt sé leis go raibh sé ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile go raibh pota óir i bhfolach i gCaisleán na Circe agus go raibh sé ag dul ann lá ar na bhárach go bhfeicidh sé an raibh sé fíor. Nuair a bhí an fear i na chodhladh d'éirigh fear an tighe agus fuair sé bád agus chuaidh sé amach ins an mbád. Thosuigh sé ag tóirigheacht ins an áit a dubhairt an fear leis. Fuair sé an t-ór i bhfolach ins an urlár. Thug sé abhaile leis é. D'éirigh an fear eile ar maidin agus chuaidh sé isteach ar Chaisleán na Circe agus chaith sé an lá ag tóirigheacht agus ní bhfuair sé an t-ór.Deirtear gur Gráinne Uí Mháille a chuir i bhfolach ann é agus deirtear gur bé Micheál Ó Feártaigh a fuair é.Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach i Leic Aimhréidh in aill mhór ar a dtugtar(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway