School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá eas beannuighthe i mBailebhuidhe. Sé Naomh Breandán a rinne beannuighthe é.Fadó nuair a bhí na saighdiúirí i ndiaidh na sagairt bhí Naomh Breandán ag dul thart ag tóruigheacht áite le Aifreann a rádh agus bhí na saighdiúirí in a dhiaidh. Nuair a bhí na saighdiúirí ag teacht gar dhó ní raibh fhios aige cé'n áit a rachadh sé. Chonnaic séa n t-eas agus chuaidh sé isteach faoí agus dárduigh an t-eas amach ós a chionn. Chuaidh na saighdiúirí thar an eas agus ní fhaca siad Naomh Breandán. Léigh an naomh Aifreann annsin ann agus tá sé beannuighthe ó shoin. Fadó bhiodh go leór daoine ag déanamh turais ag an eas acht níl an oiread sin ag dul ann anois. Nuair a bhíonn daoine ag tabhairt turais ag an eas caitheann said a dhul ar an nglúiníbh agus seacht bpaidir seacht Áibhe Máire agus Créa a rádh. Annsin rachaidh(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraig Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 50