School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Conchubhar na dá chaora.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé in a chomhnuidhe ar a m-Baile-Árd agus ba Conchubhar an t-ainm a bhí air. Bhí sé an-bhocht agus bhí dhá chaora aige agus bhí sé ag dul soir go Conga lá amháin leis an dá chaora a bhí aige a dhíol agus casadh fear air agus bhí dhá mhála cruithneachta aige. Dubhairt an fear leis an dá chaora a thabhairt dhó ar an dá mhála cruithneachta. Dubhairt sé go ndéanfhadh sé é sin agus fáilte annsin chuaidh sé abhaile agus é an t-sásta leis fhéin. Nuair a chuaidh sé abhaile bhí a mháthair ag imtheacht le buile. Bhí sé ag cruinneadh a chuid cruithneachta fhéin agus dubhairt sí leis a dhul suas ag an teach i gcoinne rópa leis an gcruithneacht a thabhairt suas ag an teach. Ní dheárna sé acht breith ar chrann fuinnseóige a bhí shíos i mbun na páirce agus rinne sé gad dhó agus thug sé suas an chruithneacht ag an teach leis. Faoi cheann an tamaill seo bhí dhá chaora eile aige. Chuala sé go raibh féar ag tuitim thar na ballaí i bpáirc i m-Baile-Átha Cliath agus dubhairt sé go rachadh sé annsin leis an dá chaora agus rinne sé ciseán mór agus chuir sé an dá chaora agus(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Conroigh
- Gender
- Male
- Address
- An Cheathrú Chaol, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Murachadha
- Gender
- Male
- Age
- 65