School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí ann fadó agus ní bhéarfadh sé a inghean do fhear ar bith le pósadh acht an fear a mbeadh trí eitheacht aige leis. Bhí go leór ag tóruigheacht na h-inghine, clann ríghte, agus daoine móra mar iadh.
Chuala mac baintrighe an sgéal agus dubhairt sé le na mháthair go rachadh sé ag tóruigheacht an rígh.
Dubhairt a mháthair leis gan a dhul go marbhochadh an rí é.
Dimthigh sé leis go dtáinic sé ag teach an rígh.
Nuair a chuaidh sé isteach d'innis sé cé'n áit a raibh sé ag dul.
Shiubhal sé fhéin agus an rí amach san iochlainn, d'fiarr an rí dhe a bhfaca sé aon chruach mhóna ariamh chomh mór leis sin. Bail ó Dhia ort adier mac na baintrighe tá cruach mhóna ag mo mháthair sa mbaile i ngáirdín Chille Glasáin. Nuair a(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Bhearshúiligh
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Mac Bhearshúiligh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Dúráithe, Co. Galway