School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 396
  3. XML “An tSlat Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An tSlat Draoidheachta
    Bhí lánamha ann aon uair amháin. Dubhairt an fear leis an mnaoi lá go raibh slat draoidheachta san gcrann a bhí ag fás taobh amuigh de n doras. Nuair fuair an bhean an fear imthighthe ar an aonach lá amach leí agus do bhain sí an tslat draoidheachta agus do thug sí abhaile í
    Nuair tháinig an fear abhaile do bhuail an bhean leis an tslait draoidheachta é agus do rinne sí préachán de. Bhí sé mar sin ar feadh tamaill fada. Gach aon lá thagadh an préachán go barr an tsimiléir agus scata préachán leis. Nuair imthigheadh an scata d'fhanadh eisean annsin.
    Aon lá amháin tháinig an préachán go dtí an doras agus do bhuail an bhean leis an tslait draoidheachta é agus rinne sí mada uisge de. Annsin bhíodh sé na chomhnuidhe san abhainn a bhí inaice leis an tigh agus gach lá thagadh sé agus mharbadh sé na cearca agus na lachain ar a mhnaoi. Bíodh sí igcruaidh-chás aige annsin. Ní raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish