School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 394

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 394

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 394
  3. XML “Seán na gCártaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seán na gCártaí.
    Bhí fear ann fadó agus Seán a bhí mar ainm air. Bhí dúil mór aige i n-imirt cártaí agus do bhíodh sé imthighthe amach gach oidhche.
    Aon oidhche amháin bhí sé ag siubhal cois locha agus do léim eascú mhór aníos chuige. Do labhair sí le Seán. "An mbeidh cluiche cártaí agat liom" ars seisean leí. "Beidh agus fáilte" ars an eascú. "Tá sé sa margad" ars an fear má buaileann mé tú san gcluiche caithfidh tú gach rud a thabhairt dom a iarrfas mé ort agus más rud é go mbuaileann thusa mise caithfidh mé dhul leat." "Tá mé sásta" ars an eascú
    D'imir siad an cluiche agus bhí an bhuaidh ag an bhfear. "Sé an chéad rud anois tá mé ag iarraidh ort ná mé do thabhairt go flaitheas nuair a gheobhas mé bás" ars an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Mhainnín
    Gender
    Male
    Age
    54
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ceapach na gCapall, Co. Galway