School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 344

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 344
  3. XML “An Reilig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ceithre reiligí san áit seo. Tá ceann ar an bhFáirche ar a dtugtar "Teampull na Fáirche". Tá ceann eile ar Inis-an-Ghoill ar a dtugtar "Teampull na Naomh". Tá ceann ar Inis-dá-Bhuidhe agus ní tugtar aon ainm air. Tá ceann i nDubhros agus ceann i mBaile an Tobair agus ní tugtar ortha acht "Teampull na Leanbh". Cuirtear daoine i ngach ceann acu acht amháin ar Inis-dá-Bhuidhe. Tá gach ceann acu cearnógach acht amháin Teampull na Leanbh i nDubhros. Tá cuma trí coirnéal air.
    Tá fothrach teampuill ar Inis-an-Ghoill. Ní cuirtear daoine sa bhfothrach. Tá na reiligí leibhéalta acht tá fánaidh i reilg na Fáirche. Tá an fánadih i dtreó an iarthar. Tá crann rósanna ag fás ar cuid de na h-uiagheannta. Tá fothrach teampull freisin i reilg na Fáirche. Tá daoine curtha sa bhfothrach, acht ní cuirtear aoinne ann anois. Tá dhá reilig diomáine san áit, ceann ar Inis-dá-Bhuidhe agus ar Oileán na gCorp i nDubhros tá ceann eile. Níor cuireadh aoinne ar Oileán na gCrop le tríocha bliadhan, agus níor cuireadh aoinne ar Oileán Inis-dá-Bhuidhe ón mbliadhain 1846. Níl aon clocha ornáideacha in aon reilig acu.
    Cuirtear páiste gan baiste i gcoirnéal garrdha ar bith. "Cillínigh" tugtar ortha. Fuair mé an sgéal seo ó mo mháthair. Cuireadh fear Protustunach i reilig Baile-an-Tobair fadó, agus maidin lár na bhárach fuair na daoine an cónra ar bárr an uaighe. B'eigin dóibh é a thabhairt as annsin agus a chur in áit eile. Chuala mé an sgéal seo ó m'athair. Cuireadh fear Protustúnach ar Inis-an-Goill fadó agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    c. 47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway