School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 342

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 342

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 342
  3. XML “Seanphaidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn paidreacha i mbéal na ndaoine ar ocáídí speisíalta agus seo iad:-

    Le linn dóíbh duiseacht ar maidin deireann siad,
    "Go n-éirigheadh mé le Dia is go n-éirigheadh Dia liom"

    Ag dul a chodhladh deirtear:-
    "Go luigheadh mé le Dia is go luigheadh Dia liom."
    Ceithre coirnéil ar mo leabaidh,
    Ceithre aingil uithí sgarta
    Ceithre coinnle uithi lasta,
    Má fhághann bás anocht no ar maidin, i bhFlaitheas Dé go mbeídh mo leabaidh.

    Ag coigilt na teine dóíbh deirtear:-
    "Coiglím an teine seo mar coigleann Críost cách
    Brighid in a bhun is Muire in a lár,
    Seacht n-aingil is fiche as Flaitheas na nGrást,
    Ag cumhdach an tighe seo is daoine go lá."

    Nuair a tosóchas duine ag obair, deirtear,
    "In ainm Dé an obair seo"

    Nuair críóchnuigheas duine oibre deirtear:-
    "Go mbéidh deagh-chríoch ar an obair."

    Seo paidir a deirtear ar fheicsint cuirp
    A Íosa Chríost, croidhe na truaighe tabhair suaimhneas síorraidhe dóibh-san agus dúinne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    c. 47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway