School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 341

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 341

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 341
  3. XML “An Mhurúch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is minic a fheiceann's daoine maighdean mara. Chonnaic uncal de m'athair ceann fadó, in a suideh i bpluais i gcarraig. Nuair a chonnaic sise é, rith sé isteach san bhfairrge. Chuaidh seisean i bhfolach, agus nuair a bhí sí amuigh sa bhfairrge bhí sí ag iarraidh amhairc d'fhághail air. Dhá bhfeiceadh sí an uair sin é, bhéadh sé fá dhraoidheacht is bhéadh sé amuigh san bhfairrge léithí. Nuair a bhí si imthighthe as amharc, tháinig an fear abhaile slán.
    Chonnaic na daoine i gConnamara maighdean mara in a suidhe ar charraig ar an tráigh anuraidh. Gealladh £4000 dóibh dhá bhfuighdís greim uirthí, acht ní raibh siad indon breith uirthi.
    Tá daoine in a gcomhnuidhe in Inis Tuirc a raibh a n-aithreacha is a máithreacha ina maighdeanacha mara. Bíonn amhrán brónach ag an maighdean mara, nuair atá timpist le n-éirghe ar an bhfairrge. Bíonn siad ag caoineadh uaireannta freisin. Ní maith le duine ar bith an maighdean mara a cloisteál ag caoineadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    c. 47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway