School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 339

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 339

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 339
  3. XML “An Leipreachán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an t-ainm a bhíodh ag muinntir na h-aite ar an leipreachán sa greasaidhe leipreachán nó greasaidhe luthairgín. Fírín beag bídeach 'seadh é. Tá sé idir troigh go leith agus dhá troigh ar aoirde. Sé an caoi a mbíonn se gléasta ná, bríste glúnach, casó dhearg, agus caipín dearg ar bhárr a cinn. Amuigh ins an sliabh a comnuigheann sé, nó b'feidir ar chnocán fraoch. An fhad is bhíonn se ag obair, bíonn se in a shuidhe fá bhun chrainn.
    "Gréadaidheacht" an obair a bhíonn's ar siubhal aige. Bíonn sé amuigh le linn an tratnóna, in a shuidhe ar chnocan agus gach tic teac le'n a chasúr aige.
    Bíonn go leor airgead aige. Pota óir a bhíonn's aige. Deirtear go mbíonn sé in a shuidhe go hiondamhail ar an bpota, agus é ag gréasaidheacht.
    Seo sgéal i dtaobh duine do rug ar leipreachán. Bhí bean do mhuinntir Seoigheach in a comnuidhe i gCrimlin uair amháin. Lá amháin bhí sí amuigh ag faire ar chaoirigh, agus chonnaic sí leipreacháin in a shuidhe ar cnocan. Rug sí air agus thug sí isteach abhaile in a h-aprún é. D'iatt sí an pota óir air, acht níor thug an leipreachán aon áird uirthi.
    Bhí sí ag dul isteach sa seomra annsin chun an leipreachán a chur i mbosca, agus bhuail sí ordóg a coise in aghaidh cloiche a bhí san urlár, gur bhain sí an ionga di. 'Anois' ars an leipreachán "tá an pota óir fan gcloich sin. Sgaoil sí an leipreachán uaithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    c. 47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway