School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 332
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D'itheadh na sean-daoine trí béilidh sa ló fadó. Sé an t-ainm a bhí ar gach ceann acu ná bricfeasta, dinnéar, agus suipéar. D'ithidís ceann ar maidin, ceann i lár an lae, agus ceann san tráthnóna. Ba gnáthach le daoine obair a déanamh roimh an gcéad beile ar maidin.
    Bíodh fataí acu le n-ithe ar maidin, leite min buidhe i lár an lae, agus fataí arís sa tráthnóna. Óltaí a lán bainne freisin, bainne reamhar, bainne géar, agus leamhnacht.
    Bíodh an bhord i gcoinnibh an bhalla. Dhá mbéadh a lán daoine ag ithe, bhéadh an bord i lár an tighe. Crochtaí an bhord suas leis an mballa annsin, nuair a béadh an béilidh críocnuighthe.
    Ní bhíodh acu fadó acht arán min-coirce. Déintí an aráin as min-coirce, sóid, salann agus bainne géar. Nuair a bhéadh an cáca déanta cuirtí in a seasamh in agaidh dhá fhóid móna é, agus déintí é a róstadh leis an teine.
    Ní bhíodh aon fheoil acu fadó, acht feoil sicín uaireannta. Bhéadh an feoil sin úr. Ithtí éisg freisin. Gheibhtí iad sa bhfairrige, sa loch, agus ins na h-aibhneacha.
    Ní bhíodh biadh áirithe acu fadó ar ócáidí speisíalta, acht bíodh uibheacha acu Domhnach Cásga, agus bhéadh féasta beag acu fá Nodlaig. Bhíodh cruithneacht bruithte mar biadh acu freisin. "Gráin Bruithte" thugaidís air.
    Is cuimhin le cuid de na sean-daoine tae theacht go dti an cheanntar an chéad uair. Ní bhíodh cupáin ann roimhe sin. Ní bhíodh acu acht Naigíní móra le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shuilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    c. 47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway