School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 330

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 330

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 330
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh Aontaighe ar siubhal fadó fan tuaith comh maith leis na bailte móra. Tá páirc i mBaile an Tobair ar a dtugtar 'Páirc an Aonaigh' air. Tugadh an t-ainm sin air mar bhíodh aonach ar siubhal ann gach bliadhain fadó ar an 15adh de Lughnasa.
    Théigheadh ceannuigheoirí ó theach go teach fén stuaith ag ceannacht stuic. Bhíodh aontaighe fadó ann nach bhfuil ann anois. Bhíodh na h-aontaighthe sin ar siubhal fán dtuaith agus i gceann tamaill stopadh iad, agus in a dhiaidh sin ins na bailte móra a bhíodh siad. Ní raibh mórán ceannuightheoraí ag teacht fán dtuaith chun na h-aontaighthe an tráth sin. Sin é an fáth a cuireadh deire leo.
    Níl páirc speisialta ins na sráideanna i gcomhair aontaighe. Ní íoctar paidc ar bheithidheach a díoltar, acht déanadh na daoine fadó é. Bhíodh na h-aontaighe an tráth sin i bpáirc mór, agus íocadh an pidc chun an talamh a bhí an aonach ar siubhal a íoc chun an duine ba leis é.
    Tugtar eirnít le gach beithidheach a díoltar. "Airgead Sonais" a tugater mar ainm air. Leath choróin is mó a thugann siad de na ceannuightheoirí. Nuair a bhíos an margadh déanta ag an gceannuightheoirí buaileann an duine eile ar an mbois é le taispeáint go bhfuil sé in a margadh eatorra.
    Marcáltar na beithidhigh nuair atá siad ceannuighthe le breasal nó le marc a ghearradh sa bhfionnadh. Tugatar an ceannrach agus rópa le capall nuair a díoltar é. Ní tugtar aon rud le beithidhigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway