School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 315
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá na mílte sean-fhocail i nGaedhilg ag na sean-daoine, agus is minic a bhíonns siad ag trácht ortha. Seo cuid acu:-
An fear is mó cainnt, sé is lugha obair
Deirtear gurb é an fear atá ag moladh é féin, agus ag cainnt i gcomhnuidhe, an té nach ndéanann mórán oibre.
An té a chuireas, sé a bhaineas
An duine obruigheanns go maith ar dtús, sin é an duine a bhéas gach rud aige nuair atá sé ag teastáil uaidh.
An rud is giorra den croidhe, sé i sgiorra den bhéal.
An rud atá in do chroidhe, má beannacht nó malacht é, sin é an rud is giorra den bhéal, nuair atá tú ag cainnt
Ní hé an bhean is aoirde is truime ciall
Ní hé an duine is aoirde agus is áilne ar an saoghal an duine a mbíonn a lán céille aige amannta
Éist leis na sean-daoine, agus béidh eolas agatIs fearr a bheith ag éisteacth leis na sean-daoine ag cainnt, ná a bheith ag déanamh chuile rud gan aon chongnamh
Is fearr rith maith na droich-sheasamh
Is fearr rith i gcomhnuidhe agus iarracht a dhéanamh na bheith ag seasamh le droch comhluadar
Ní hé lá na gaoithe lá na sgolbNí hé an lá bhfuil an gaoth mhór ann, an lá is ceart le sgoilb achur suas(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway