School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 313
  3. XML “Na Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuireann chuile duine fan dtuaith fataí ar an bhfeilm gach bhliadhain. Ulmuigheann an feilméar an talamh ar dtús, agus cuireann sé aoileach amach air. Cuirtear an t-aoileach amach i gcairt ar ngort, agus annsin scairtear é le píce. In comairí a cuirtear síol na bhfataí, agus síol turnaipi freisin.
    Sé an caol a déantar na h-iomairí ná, ar dtú déantar an talamh do treabhadh le céachta, agus annsin déantar na h-iomairí. Bíonn gach iomaire slat ar leithead, agus fágtar clais ar gach taobh dí lé céachta agus le láighe a déantar na h-iomairí. Usáideadh céachtaí adhmaid sa cheanntar fadó, agus tá trí cinn ann fós, agus usáidtear iad. Bhí na céachtaí adhmaid trom agus bhí píosa iarainn ortha in áiteacha chun an adhmaid a choinneál daingean. Ní rinneadh na ramhainn san áit acht ceannuigheadh iad.
    Nuair a bhíos na h-iomairí réidh i gcóir an tsíl, gearrann bean -an-tighe na fataí. Fágann sí cúpla súil i ngach sciollán. Annsin cuirtear iad agus dúntar na puill le láighe nó le céachta. Fágtar spás idir na sciolláin. Annsin clúduigheann an feilméar iad le créafóig as an gclais. Tar-éis tamaill briseann na baslóga aníos tríd an gcré. Fásann siad go mall nó go mbíonn siad breágh árd. Má bhíonn an aimsear te tagann duibheachán ar na fataí. Cuirtear cloch-gorm ortha chun iad a chosaint.
    Nuair a bhíos na fataí aipidh baintear iad, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway