School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 311
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá trí toibreacha beannuighthe sa paróiste seo. Tá ceann acu suidhte i nDubhros i lár páirce, agus an dá cheann eile i nDubhachta fá bhun cnuic. "Tobar Mhuire agus Tobar Féichín an t-ainm atá ar an dhá cheann i nDubhachta. "Tobar na súl" an t-ainm atá ar an cheann i nDubhros. Tugtar "Tobar Mhuire" ar freisin. Tugtar "Tobar na Súl" air mar tobar é chun súile tinn do leigheas. Tugann na daoine cuairt ortha ó'n 15adh Lugnasa go dtí 8adh Meadhon Fhoghmhar. Tugann na daoine turas ag na toibreacha.
    Seo é an caoí a déantar iad ag na toibreacha i nDubhachta. Deirtear an "Paidir, n-Abe, agus Glóire" seacht n-uaire ar dtús. Téigheann siad timcheall na tobair annsin ceithre n-uaire dhéag. Deireann siad 'An Paidir, n-Abhé, agus Glóire arís trí h-uaire. Beannuigheann siad iad féin leis an uisge annsin, agus tá an turas críochnuighthe. Sé an caoi céadna a déantar an turas I nDubhros acht ní théigheann siad timcheall an tobar acht seacht n-uaire. Níl aon uisge sa tobar anois, acht tugtar cré as an tobar agus cuimlightear de na súile tinn é.
    Níl aon sgéal ag na daoine acht I dtaobh tobar amháin acu. Sé an caoi a dtáinig 'Tobar Mhuire i nDubhachta ann ar dtús ná, Bhí fear tinn istigh i gConnamara uair agus bhí sé dall. Dubhairt an Maighdean Mhuire leis bheith ag siubhal go mbéadh sé tuirseach. Thóg an fear an comhairle agus d'imthigh sé leis. Thug sé a mhac leis mar bhí sé féin dall. Bhíodar ag siubhal go rabhadar tuirseach, agus bhíodar i nDubhachta fán am seo. B'éigin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway