School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 285
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí dochtuir ann. Bhí sé go h-an mhaith agus thagadh na daoine chuige chun leigheas d'fhághail. Oidhche amháin b'eigin dó éirghe tuairim, is a h-aon a chlog. Bhí aistear fada roimhe, agus ní raibh aon ghluaisteán ins an tír. Rothar a bhí aige.
    Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Níor bhfada gur imthigh chuig an bhfear. Ní raibh aon lampa aige agus do bhí an oidhche dubh dorcha. Ar a bhealach abhaile chuaidh sé tré choill mhór le aith-ghiorra a dhéanamh. Faoí seo bhí gála mhór agus báisteach ann.
    I gceann cúpla noiméad chaill sé a bhealach, agus cé'n áit a bhéadh sé acht i lár roilig. Bhuail sé a chloigeann in aghaidh rud eicínt. Tháinig fonn faitchíos air. Thosuig sé ag cainnt leis an rud, acht ní raibh sé indon focal a bhaint as. "Fágfaidh mé annsin go dtí an diabhal tú" ar seisean, agus d'fág sé annsin é. Thainig sé amach ar an mbóthar arís acht bhí sé baidhte go croiceann. D'fhill sé ar ais agus d'innis sé an sgéal fan taidhbhse dá cháirde.
    Ón lá sin amach ní raibh sé indon fhághail amach céard a bhí ann. Dubhairt sé leis bhféin "nach ndéanfadh sé aith-ghiorra tré choill arís nuair a bhéadh bóthar ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway