School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 199
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- TomhaiseannaFear beag ina sheasamh leis a gchlaidhe, itheann sé gach a bhfhághann sé acht ní ólann sé tada? Uisge.
Céard tá i dul i gcosamhlucht lé leath na gealaighe? An leath eile.
Micheálín sa gcómhra agus céad cóta mór air. Gasgabáiste
Cuaidh mé amach agus thug mé isteach an rud nár theastuigh uaim. Dealg.
Thuit sé leis an aill agus níor briseadh easna ann. Seighlmide.
Céard cuid is aoirde den bhó A géim.
Molt sa gcró is a thóin sa bpota. Sé a thóin fhéin atá sa bpota
Fuair mise nead sa sliabh i lúibín aistimhl mo chroidhe ceist agam oraibh a muintir a tighe. Bean a fuair a fear caillte sa sliabh agus bhí nead éin istigh ina chloigeann.
Tá sé ar bhois is tá se ar bhais(continues on next page)