School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 193
- XML “Cistí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cisdí
Bhí fear ann fadó agus fuair sé sgéala oidhche amháin go rabh ciste óir amuigh sa loch.
Fuair sé an sgéala céadna an dara hoidhche. Agus an tríomhadh oidhche fuair sé an sgéal céadhna agus go rabh téad ceangailte faoi chloich sa gcladach. Chuir an fear ar a chuid éadaigh agus chuaidh sé síos go dtí an cladach. Rug sé ar an téad agus tharraingh sé é. Chuir fear béic as amuigh sgaoil an fear a bhí ar a gcladach amach an téad agus rith sé abhaile cho luath is a bhí ina chosa. Fuair fear eile an sgéal chéadna ar feadh trí oidhche. Chuaidh sé go dtí an cladach agus tharraingh sé an téad acht nuair a chuala sé an bhéic amuigh gread sé abhaile ar a bpoinnte. Bhíodar dhá inseacht ar fud a bhaile. Bhí fear an mhisneamhail ar a mbaile agus dubhairt sé mo léan nach bhfuair mise sgéal air agus ní i bhfhad go dtugainn an cisde um tíre.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Caidain
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Loiscthe, Co. Galway