School: Corr na Móna

Location:
Corr na Móna, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Maille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corr na Móna
  2. XML Page 187
  3. XML “Naomh Féichín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba é Naom Feichín a thug an Creideamh Fíor go dtí an áit seo. Ba as Bail' Easa Dara i gCondae Shligigh é. Is annseo a bhí aisling aige oidhche amháin, go mba cheart dó a theacht go dtí an áit seo agus múnadh do na daoiní faoí an gCreideamh Fíor.
    Tháinic sé go Congha i gCo. Mhuigheó, agus chuir sé mainistir nó sgoil ar bun ann. Tháinic sé go Baile-an-Tobair, agus tá tobar ann a bheannuigh sé. Tá an tobar seo le h-ais tobar eile a dtugtar Tobar Muire air. Fadó deirtear go mbíodh an Mhaighdean Ghlórmar dá feiceál annseo. Bhí leac ann, agus bhíodh na daoiní ag iompódh na leice.
    Cuir i gcás dá mbeadh faltanas ag duine do dhuine eile d'iompóchadh sé an leac sin, agus thuitfeadh mallacht ar an duine seo a n-iompóchar an leac air.
    Nuair a bhíodh sé seo ar súibhal, thug fear eicín as an mbaile an leac leis, agus chaith sé i n-áit í ar shíl sé nach mbéádh - fhios ar raibh sí ann chor ar bith. Ach ar maidin bhí an leac ar ais aríst. Annsin báitheadh (?) ó'n uair sin amach go dtí an lá atá indiú ann níor facthas an Mhaighdean Glórmhar annseo
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish