School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 186
- XML “Smachtú na Báirsí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Á," arsa an fear níl mise ná tusa ag obair ach tá na searbhánta ag obair.
An céad lá eile núair a deirigh an fear, bhí a bhean amuigh ag obair leis na searbhánta.
Núair a bhí obair an laé thart thug an fear ordú dhá chuid searbhánta dinnéar deas a dheanamh dhá bhean. Ón lá sin amach bhí sí an úmhal dhó Lá amhain d'fhiafhruigh sí de a bféadfhadh sí cuireadh a thabhairt dhá cuid deirbhsiúr agus a gcuid fear. Dubhairt sé go bféadfhad agus fáilte.
An lá a dtáinigh síad, thug fear an tighe cuireadh do na fir a theacht isteach ina sheomra féin agus na mná a fhágáil ag cainnt.
Bhí paca cárdhaide aige agus thosuigheadar ag imirt. Chuireadar geall annsin cé h-aca is mó a raibh cómhairle ar a bhean aige
Ghlaóidh fear aca ar a bhean fhéin, ach dubhairt sí leis fanacht go mbheadh sí réide, ghlaóidh fear eile ar a bhean fhéin ach dúbhairt sise an rud céadhna.
Ghlaóidh fear an tíghe ar a bhean fhéin ach ní raibh an focal as a bhéal núair a bhí sí isthigh sa seomra agus fúair sé an geall.
Ní fhághann ó aondhuine a mhúnadh in-aisge.- Collector
- Padhraich Curraidin
- Gender
- Male
- Address
- An Charraig Thiar, Co. Galway
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Baile Dhúlocha, Co. Galway